ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

An Fhéile Scoldrámaíochta

Comhghairdeas ó chroí leis na daltaí ó rang 1, Gaelscoil Mhichíl Cíosóg a bhuaigh Craobh na hÉireann lena ndráma "An Fear Sinséir". 

Comhghairdeas fosta lena múinteoirí Ornaith agus Ruairí.

 

Eagraíonn An Cumann Scoildrámaíochta, atá faoi phátrúnacht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, féilte drámaíochta chun drámaí trí Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile a ghlacann páirt sna féilte seo. Is cúis bróid don chumann go nglacann thart ar 10,000 páiste páirt sna Féilte a reáchtáiltear ar fud na tíre gach bliain


Féilte Drámaíochta:
Eagraítear na féilte ar bhonn áitiúil, ar bhonn cúige agus ar bhonn náisiúnta. Tugann na féilte seo an deis do scoláirí ó gach cheard den tír baint díreach a bheith acu leis an drámaíocht. Baineann siad an-taitneamh go deo as agus is mór an chabhair dóibh í maidir le féin-mhuinín, le hurlabhraíocht, le feabhas ina gcuid Gaeilge labhartha agus le comhoibriú ina measc féin.

Ar ndóigh, bíonn iomaíocht sna féilte seo chomh maith! Toisc go bhfuil idir dhrámaí agus ceoldrámaí á léiriú agus raon fairsing aoisghrúpaí ar an nglacadh páirt, bíonn comórtais éagsúla ann do na grúpaí difriúla.

Tosaíonn na féiltí le Féile áitiúil i mí Feabhra agus Márta. I gContae an Chláir, tá an fhéile ar siúl le breis agus fiche cúig bhliain agus anois bíonn siad ar siúl i Glór Inius. Téann na buaiteoirí ón Fheile Áitiúil ar aghaidh chuig an Fhéile Chúige a bhíonn ar siúl in Inis agus Corcaigh ar an deireadh seachtaine céanna.

Téann na buaiteoirí ó na Féilte Reigiúnacha ar aghaidh chuig an Fhéíle Náiisiúnta a bhíonn ar siúl sa Mhuileann Cearr ag deireadh mí Aibreáin.

Tá éirithe go han-mhaith le scoileanna ó Chontae an Chláir sa bhFéile Náisiúnta le blianta beaga anuas, agus le déanaí, bíonn buaiteoirí ó Chontae an Chláir gach bliain.

Tá achmhainn lárnach anois inar féidir eolas a fháil faoi gach gné de dhrámaíocht as Gaeilgee sa scoil, mar shampla:

  • Roghnú scripteanna d’aoisghrúpaí éagsúla 
  • Eolas ar sheimineáir ar theicnící léiriúcháin agus stáitsiú.
  • Leabharlann scripteanna.

Tá eolas iomlán ar an Fhéile Scoildrámaíochta i gContae an Chláir ón Rúnaí ag 065-6839753, agus ar www.scoldramaiocht.ie.  Tá breis eolais ar fáil ó 065-6864474 nó buail isteach chugainn ag: 2 Clós na Beairice, Sráid na Beairice, Inis, Co. an Chláir.