ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Conradh na Gaeilge

Bunaíodh Crobh na hInse i Mí na Samhna 1913, ach mar sin féin, ní hí an Chraobh is sine sa Chontae í, bhí craobhacha gníomhach sa Chlár roimhe sin in áiteanna cosúil le Sráid na Cathrach.

Bhí an chraobh an-ghníomhach ag cur úsáid na Gaeilge i saol na ndaoine chun cinn ar feadh roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin. 

Sna Caogadaí, d'eagraigh an Chraobh "FEIS NA hINSE" , féile cheoil, amhránaáíochta agus teanga in Ins. Mhair Feis na hInse ar feadh roinnt blianta go dtí gur thit sí i léig sna Seascaidí.

I 1980, tugadh cuireadh do dhaoine  go raibh suim acu i gcur chun cinn na Gaeilge teacht chuig cruinniú in Óstán na Banraíona, Inis. Bhí Tadhg Mac Conmara, ball tofa de Chomhairle Contae an Chláir ina Chathaoirleach ar an gcruinniú sin agus ath-bunnaíodh Craobh na hInse den Chonradh ann. 

B'iad seo leanas na hOifigigh a bhí ar an gCraobh:

  • Uachtarán: Tadhg Mac Conmara
  • Cathaoirleach: Roibeárd Ó Ceallaigh
  • Leas-Chathaoirleach: Pádraig Mac Mathúna
  • Cisteoir: Máirtín Ó Dubháin
  • Rúnaí: Domhnall Mac Mathúna
  • Oifigeach Poiblíóchta: Domhnall Ó Loingsigh.

Chláraigh an Chraobh nua le Ard-Oifig Chonradh an Gaeilge agus thosaigh siad ar phlean chun an Ghaeilge a ath-mhúscailt in Inis agus tríd an Contae.

MÓR IMEACHTAÍ

Comóradh Irisleabhar na Gaeidhlge
In 1982, bhí Irisleabhar na Gedhilge, an chéad Iris i nGaeilge, ag céiliúradh 100 bhliain a bhunaithe. B'é Mícheál Cíosóg, bunaitheoir Cumann Lúthchleas Gael, a bhí mar eagarthóir ar an Irisleabhar. Bheartaigh Craobh na hInse ar chomóradh a eagrú in Inis agus ar an gCarn, áit inar rugadh Cíosóg, chun bunú an Irisleabhar 1n 1882 a chéiliúradh.

Nochtaigh Uachtarán na hÉireann, An Dr. Pádraigh Ó hIrighile plaic ar bhinn na seanscoile ar an gCarn, áit ar mhúin Cíosóg, agus bhgí Cáirdinéal na hÉireann an Dr. Sár.Oir. Tomás Ó Fiach mar phríomh-Chéiliúraí ar Aiifreann in Ardeaglais na hInse.

Ag labhairt ag an Comóradh, dúirt an tUachtarán go mba cheart do phobal an Chláir foras buan beo a bhunú chun a chintiú nach caillfí an Ghaeilge sa Chontae.

Bunú Gaelscoil Mhíchí Cíosóg
Bheartaigh an Chraobh ar Ghaelscoil -Bunscoil LánGhaeiloge - a chur ar bhun mar fhreagra ar dhúshlán an Uachtaráin agus mar mar chomhartha omóis do Mhicheál Cíosóg.
D'oscail an Ghaelscoil a dóirse i mí Mheán Fómhair 1983 tar éis feachtas earcaíochta i gcomhair le dream tuismitheoirí sa bhaile gur theastaigh uatha oideachas trí Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí.

Comórtas Ghlór na nGael
Chláraigh an Chraobh i gComórtas Ghlór na nGael i 1981, B'shin comórtas a bhí bunaithe ag Cumann na Sagart chun an pobal is fearr sa tír ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge a aimsiú. De bharr bunú na Gaewlscoile in 1983, bhuaigh Inis an Gradam Náisiúnta don chéad uair. Tháinig an tUachtarán Ó hIrighile ar ais chuig Inis chun an duais a bhronnadh ag searmanas poiblí sa bhaile.

Féile na hInse
Mar chuid den chéiliúradh a rinneadh dó bhronnadh duais Ghlór na nGael i 1983, eagraíodh Féile Ghaeilge ar a tugadh "Féile na hInse".  Rinneadh é seo chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus tugadh cuireadh do scoileanna an bhaile bheith páirteach inti. Mhair an chéad Fhéiíle ceithre uair a'chloig Iarnóin Sathairn agus anois, tá sí fásta aggus is í an Fhéile Ghaeilge is mó sa Réigiún anois í a mhaireann ocht nó naoi lá. 

Tá Craobh na hInse an-ghníomhach le tríocha bhliain ag eagrú imeachtaí eile chun an Ghaeilge a láidriú sa bhaile. I measc na mór-Imeachtaí atá curtha i gcrích aici, tá:

  • Oireachtas na Gaeilge in Inis 1990
  • Ard Fheis Conradh na Gaeilge in Inis 1990 agus 2004
  • Slógadh Náisiúnta in Inis 1988, 1997
  • Comóradh an Chéid de Chonradh na Gaeilge 1993
  • Bunú Gaelcholáiste an Chláír 1994
  • Bunú An Clár as Gaeilge Teo i 2002

Foirm Iontrála