Féile na hInse
Bunaíodh Féile na hInse i 1984 mar chuid den chéiliúradh a bhí ann do bhua na hInse i gcomórtas Ghlór na nGael do 1983.
Bronnadh an duais i mí Aibreán 1994 agus bheartaigh an Coiste eagraithe ar Fhgéile bheag Ghaeilge a eagrú le íomhá na Gaeilge sa bhaile a ardú. Bhí cúig nó sé chomórtas eagraithe a mhair ceithre uair a'chloig i gCois na hAbhna ar an Satharn. BVhí an bronnadh oifigiúl ar an Domhnach dár gcionn.
An bhliain ina dhiaidh sin, beartaíodh an Fhéile a reachtaíl arís , agus cuireadh coiste le chéile chun dul ina mbun:
- Cathaoirleach: Roibeárd Ó Ceallaigh
- Rúnaí: Pádraig Mac Mathúna
- Rúnaí na gComórtas: Dónall Mac Mathúna
- Cisteoir: Máirtín Ó Dubháin
- Oifigeach Poiblíóchta: Domhnall Ó Loingsigh
Lean Féil na hInse ar aghaidh agus bhí fás agus forbairt ag teacht uirtthi bliain a ndiaidh bliana. Fuair an Fhéile an-thacaíocht ó na scoileanna agus mheas na múinteoirí gur thug sí deis iontach do pháistí feidhm a bhaint as a gcuid Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga.
Bhí na tuismitheoirí an-sásta leis nuair a chonaic siad a bpáistí ar an stáitse ag léiri u a gcuid talann, ag aisteoireacht, ag canadh, ag aithriseoireacht nó ag damhsa.
Anois is í Féile na hInse an Fhéile is mó dá leithéid sa Reéigiún.
- Bíonn breis agus 2,000 daoine óga páirteach inti gach bliain
- Anois, tá suas le 70 scoil (Idir Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna) ag glacadh páirte inti
- Bronntar duaiseanna de suas le €3,000 idir trófaithe, scoláireachtaí Gaeltachta, agus duaiseanna.
- Bíonn an Fhéile ar siúl thar ocht lá i Mí na Márta gach bliain.
- Tógann sé coiste de 20 ball chomh maith le suas le 12 cúntóirí agus 20 moltóir chun an Fhéile a rith.
- Reachtáileadh an 30ú Féile as a chéile i 2013.















