ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Cad é Inis Dom!?

Fáilte go dtí an fiontar é ‘Inis Dom!’ ina bhfuil aird faoi leith tugtha ar fheidhm agus ar úsáid na Gaeilge i gnó in Inis. Is í aidhm an fhiontair seo ná lárfhoinse eolais a sholáthar do ghnónna ar mian leo leas a bhaint as an nGaeilge mar uirlis ghnó inúsáidte agus éifeachtach.

Conas a chuideoidh sé le mo ghnó?
Tá clár leathan seirbhísí agus tacaíochta á shíorfhorbairt faoi láthair ag Foras na Gaeilge trínár bhfeachtas sainbhrandála ‘Gnó means Business’ ar mhaithe le húsáid phraiticiúil na Gaeilge a éascú agus a mhéadú laistigh den earnáil ghnó. Déanfaidh ‘Inis Dom!’, mar chuid den mhór-iarracht seo, úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Creidimid go láidir gur féidir leis an nGaeilge buntáistí agus breisiúlacht a thabhairt do gach cineál gnólachta ar dhóigheanna éagsúla, bíodh Gaeilge líofa agat nó ná bíodh fiú! Tá borradh mór tagtha cheana féin faoi chleachtas an dátheangachais in earnáil an ghnó phríobháidigh agus phoiblí araon agus, i gcomhair leis an mBéarla, tá tréithe uathúla na Gaeilge á n-úsáid anois ag an Lucht Gnó go han-éifeachtach mar uirlis mhargaíochta ar chomharthaíocht, stáisteanóireacht, phacáistíocht agus fhógraíocht.

Cén Fáth Inis?
Tá Inis aitheanta le blianta beaga anuas mar bhaile ina bhfuil forbairt agus borradh tagtha ar úsáid na Gaeilge inti. Tá príomh-dhuais Ghlór na nGael buaite ag an mbaile ceithre huair chomh maith le Gradam Tidy Towns le Gaeilge dhá uair.

Timpeallacht láidir Ghaeilge
Tá cur chun cinn na Gaeilge in Inis níos láídre anois ná mar a bhí sé riamh.

Faoi stiúr ‘An Clár as Gaeilge Teo.’ tá sraith imeachtaí agus deiseanna á eagrú ó cheann ceann na bliana, chun an teanga a chur chun cinn go raibh mór-thionchar poiblí acu, agus atá tar éis Inis a chur chun tosaigh mar scoth-ionaid forbartha na Gaeilge sa tír.

Inis Dom Tuilleadh...!

C Conas is féidir liom bheith páirteach?

F Ar dtús, eagrófar sraith de tráthnóntaí eolais chun an pobal agus gnóthaí áitiúla a chur ar an eolas faoin tionscnamh agus conas a oibreoidh sé.

C Níl móran Gaeilge agam, an féídir liom bheith páirteach ann?

F Is féidir leat. Cuirfear tacaíocht i bhfoirm ‘Ciorcail Chainte’ ar fáil chun freastail ar chách, is cuma tosaitheoir nó cainteoir líofa as Gaeilge thú. Beidh amanna na gCiorcal seo so-lúbtha chun freastail ar an bpobal agus an earnáil gnó.

C Cén córas tacaíochta eile a bheidh ar fáil?

F Tríd ár bpáirtnéireacht le Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael beimid in ann sraith de tacaíochtaí a chur ar fáil:

  • Leabhar frásaí cuimsitheach le cuidiú gnó a dhéanamh as Gaeilge.
  • Raon greamaitheoirí agus comharthaí don taobh istigh do siopadóirí.
  • Seirbhís proifisiúnta aistriúcháin ar fáíl go háitiúil tríd An Clár as Gaeilge chun cabhrú le fógraíocht, broisiúir, agus comharthaíocht do gnóthaí áitiúla.
  • Comhairle agus cúnamh ar chonas do ghnó nó tairge a fhógairt trí mheán na Gaeilge.
  • Deiseanna cuí le fógraíocht i nGaeilge a aimsiú agus cuidiú le gnóthaí áitiúla feidhm a bhaint astu.

C Inis Dom... cad iad na tairbhí fad-théarmach do bhaile na hInse?

F Cuideoidh ‘Inis Dom!’ íomhá na hInse mar ionad de chultúr traidisiúnta na hÉíreann a dhaingniú.

Cruthóidh sé atmosféar ar leith sa bhaile, le ceannscríbe siopaóireachta tarraingthach a dhéanamh de do chuairteoirí agus daoine áitiúla araon.

Dhéanfadh Inis, mar bhaile dhá-theangach, rogha nadúrtha mar ionad do mhór-fhéiltí cultúrtha idirnáisiúnta.

Inis Dom!... Cuid de stráitéis náisiúnta

Tá Grúpa Comhairleach Gnó, le hionadaithe ó gach cuid den tír, bunaithe ag Foras na Gaeilge le hobair ar fhorbairt agus feidhmiú an chláir tacaíochta agus airde ‘Gnó means Business’.

Mar chuid den togra seo, tá taighde leathan á dhéanamh ag Foras na Gaeilge dírithe ar aird a chur ar na buntáistí a ghabhann le Gaeilge a úsáid i gnó laethúil i mbaile na hInse.

Lena cheangal leis an gclár ‘Gnó means Business’ tá fáíl ag ‘Inis Dom!’ ar thacaíocht na hachmhuinne náisiúnta chun bealaí a fhorbairt le Gaeilge a úsáid ar bhonn laethúiul in Inis.

Le tuileadh eolais a fháíl ar úsáidí praicticiúla eile do Ghaeilge i do ghnó, téigh chuig ‘Gnó means Business’ ar www.gaeilge.ie