Filleadh ar an gCathair
Tar chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Úna Ní Fhlannagáin (cláirseach) agus Emer Ní Fhlaitheartaigh.
Seans dúinn guth nua a chloisint in Inis nuair a léifidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh ón a cnuasaigh filíochta a chuireann saol na gcathrach in iúl dúinn. Beidh an ocáid speisialta seo, i gcomhluadar le ceoltóirí ón gceantar - Úna Ní Fhlannagáin agus Emer Ní Fhlaitheartaigh - ar siúl mar bhail den Ennis Book Club Festival 2016 (04-06 Márta 2016) www.ennisbookclubfestival.com.
Ciarraíoch í Ailbhe agus tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín, Co Chiarraí. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, i 2008 agus is é Tost agus Allagar (2016) an leabhar is déanaí uaithi.
Ticéid: €8 / €4 (faoi 18 faoi Scéim Leath/Leath Go See! le Music Generation Clare ar fáil ó glór, Fón: 065 684 3103; www.glor.ie
Áit: Caifé Suas/Suas Coffee House, Sráid Uí Chonaill, Inis, Co an Chláir
Am: Dé Domhnaigh, an 06ú Márta @ 12:45
















