ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Filleadh ar an gCathair

Tar chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Úna Ní Fhlannagáin (cláirseach) agus Emer Ní Fhlaitheartaigh.  

Seans dúinn guth nua a chloisint in Inis nuair a léifidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh ón a cnuasaigh filíochta a chuireann saol na gcathrach in iúl dúinn.  Beidh an ocáid speisialta seo, i gcomhluadar le ceoltóirí ón gceantar - Úna Ní Fhlannagáin agus Emer Ní Fhlaitheartaigh -  ar siúl mar bhail den Ennis Book Club Festival 2016 (04-06 Márta 2016) www.ennisbookclubfestival.com.

Ciarraíoch í Ailbhe agus tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín, Co Chiarraí. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, i 2008 agus is é Tost agus Allagar (2016) an leabhar is déanaí uaithi.

Ticéid: €8 / €4 (faoi 18 faoi Scéim Leath/Leath Go See! le Music Generation Clare ar fáil ó glór, Fón: 065 684 3103; www.glor.ie 

Áit: Caifé Suas/Suas Coffee House, Sráid Uí Chonaill, Inis, Co an Chláir  

Am: Dé Domhnaigh, an 06ú Márta @ 12:45

Filleadh ar an gCathair

Foirm Iontrála