ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Polasaí Cosaint Leanaí Agus Daoine Fásta Leochaileacha An Clár as Gaeilge

Glacann Bord Stiúrtha An Clár as Gaeilge leis go bhfuil fíorthábhacht le caomhnú agus leas leanaí agus daoine fásta leochaileacha. Da réir sin, ag teacht lena n-éilítear faoi ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí I mBunscoileanna agus I Scoileanna Iarbhunscoile’ na Roinne Oideachais agus Scileanna, tá an polasaí seo a leanas maidir le caomhnú leanaí agus daoine fásta leochaileacha aontaithe ag Bord Stiúrtha An Clár as Gaeilge.

  1. Tá glactha ag An Clár as Gaeilge le ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus Iarbhunscoile’ na Roinne, maraon leis an 6 aguisín a ghabhann leis an gcáipéis, agus déanfar a gcur I bhfeidhm go hiomlán, gan athrú, gan leasú, mar chuid den pholasaí ginearálta maidir le caomhnú leanaí
  2. An Duine Idirchaidrim Ainmnithe (DIA) Dónal O’hAiniféin
  3. An Leas-Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe (Leas – DIA) Sara Nic Conmara
  4. I ndáil le polasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht de chuid An Clár as Gaeilge cloífear leis na prionsabail seo a leanas den dea-chleachtas maidir le caomhnú agus leas leanaí agus daoine fásta leochaileacha:
  • glacadh leis go bhfuil fíorthábhacht le caomhnú agus leas leanaí agus daoine fásta leochaileacha, gan bheann ar aon cheist eile;
  • comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis chuí faoin reachtaíocht maidir le caomhnú agus cúrsaí leasa leanaí agus daoine fásta leochaileacha.
  • gnásanna sábháilte a ghlacadh chuici féin d’fhonn an dóigh go dtarlódh dochar nó tionóisc do leanbh nó duine fásta leochaileach a mhaolú oiread agus is féidir agus an lucht oibre a chosaint ó chall dul i mbaol nach gá a bhféadfadh gurb é toradh a bheadh air go gcuirfí drochúsáid nó faillí ina leith;
  • gnás ionracais a thabhairt chun cinn le tuismitheoirí agus múinteoirí; agus
  • meas iomlán a léiriú ar riachtanais rúndachta agus í ag déileáil le cúrsaí caomhnaithe leanaí agus daoine fásta leochaileacha.
  1. Is iad na príomh-imeachtaí a mbíonn ar siúl ag An Clár as Gaeilge a meastar go mbaineann siad go mór le caomhnú leanaí agus daoine fásta leochaileacha ná ., Campaí Samhraidh (Scléip an tSamhraidh, Céimeanna Beaga an tSamhraidh), Féile na hInse, Féile Scoildrámaíochta agus Ócáidí Teaghlaigh. Tá sé cinntithe ag an mBord go bhfuil na polasaithe, prótacail nó cleachtais, de réir mar is cuí, curtha i bhfeidhm i ndáil le gach ceann de na rudaí thuasluaite.
  1. Cuireadh an polasaí seo ar fáil go héasca ag tuismitheoirí agus múinteoirí ach a iarraidh. Cuirfear cóip den pholasaí seo ar fáil sa chás go n-iarrtar é.
  2. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an polasaí seo a thabhairt faoi athbhreithniú uair in aghaidh na bliana.

Ghlac an Bord Stiúrtha leis an bpolasaí seo ar 25/10/2017.