ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Leabhar do Pháistí

Is múinteoir bunscoile mé as Maigh Eo agus is é seo mo dara leabhar do pháistí óga.

D’fhoilsigh mé ‘Glór ar Inis Gluaire’ i 2021 agus chuaigh brabúis an leabhar sin chuig Bunús Sláinte Leanaí i gCromghlinn.

Tá mo leabhar nua ‘Is Mise Nóinín’ dírithe ar pháistí atá idir 6 agus 9 mbliana d’aois.

Is cat í Nóinín agus sa leabhar breá seo, insíonn sí a chuid eachtraíocha dúinn ón uair a dhúisigh Bumbóg í le cealg.

Feicimid teámaí éagsúla sa leabhar seo - teámaí tábhachtacha ar nós: cairdeas, caomhnú na timpeallachta, cosaint na beacha, cosaint na h-ainmhithe, cosaint na bláthanna fiáine, na plandaí, na luibheanna, agus an leigheas atá acu i lámha an dúlra.

Is iontach an slí ina bhfuil na teámaí seo uilig maisithe agus curtha chun suntais ag Aidan Courtney.

Cosnaíonn an leabhar seo €12 agus tá sé ar fáil ar an idirlíon ag www.nicolalavelle.bigcartel.com