Cuireadh tús oifigiúil leis an togra Inis, Baile Líonra Gaeilge, ina mbeidh Baile na hInse mar chuid den fheachtas náisiúnta Gaelphobal. Seo toradh ar obair leanúnach le blianta anuas, agus cuireann sé tús le ré nua den chlár forbartha atá ar siúl ag an gClár as Gaeilge.

Sa bhliain 2016, chuir An Clár as Gaeilge, an cheanneagraíocht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal pobail sa chontae, plean le chéile don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chun Inis a aithint mar líonra Gaeilge. Ghlac an roinn leis an iarratas seo agus ar an 24 Meán Fómhair 2021, sheol an tAire Stáit Jack Chambers an plean.

Ó shin i leith, tá Leah Ní Thailtigh ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga do Líonra na hInse. Tá Leah lonnaithe in oifigí An Clár as Gaeilge i Sráid na Beairice in Inis agus an cúram air idirghníomhú le forais stáit, comhlachtaí poiblí agus príobháideacha, cumainn tráchtála agus grúpaí pobail, d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnáthobair an lae.

Tá Megan Ní Aoláin ceaptha mar Oifigeach Forbartha Gaeilge . Tá Megan ag obair go dícheallach chun feabhas agus forbairt na Gaeilge a chur chun cinn ar fud an cheantair. Tá sí an-ghníomhach i bhforbairt tionscnamh nua, ag spreagadh pobail agus ag tacaíocht le grúpaí éagsúla chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i ngnáthshaol na ndaoine.

Chomh maith le sin tá Áine Nic Giolla Phóil ag déanamh sár-obair mar chúntóir teanga i scoileanna áitiúla, áit a bhfuil sí ag obair go dlúth le daltaí agus múinteoirí chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú sa seomra ranga. Le fuinneamh, tiomantas agus croí mór don teanga, spreagann sí na páistí chun Gaeilge a labhairt go nádúrtha agus le muinín.

Oibríonn Áine le páistí ar gach leibhéal, ag cabhrú leo le foclóir nua, frásaí úsáideacha agus le scileanna comhrá.

Rinne Cathaoirleach an Chláir as Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin, tagairt do na gradaim náisiúnta atá buaite ag an mbaile thar na blianta agus dúirt sé go raibh sé cinnte go mbeadh tuilleadh ag teacht sna blianta atá romhainn.  Mhínigh sé gur toradh é an plean seo ar an taighde agus an réamhphleanáil a rinneadh chun stádas líonra Gaeilge a bhaint amach.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers, “Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”

Beidh An Clár as Gaeilge, mar cheanneagraíocht fhorbairt na Gaeilge sa chontae, ag déanamh comhordú ar an obair agus tá cuireadh á thabhairt don phobal ar fad bheith páirteach ann.