Seachtain na Gaeilge
Bhí Seachtain na Gaeilge thar barr againn i mbliana, le réimse leathan imeachtaí eagraithe againn a d’oir do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal Gaeilge.
I measc na n-imeachtaí bhí Féile na hInse, a thug deis iontach don phobal teacht le chéile agus an Ghaeilge a cheiliúradh. Bhí muid chomh maith páirteach i Féile na Mumhan de chuid Chumann Scoildrámaíochta, áit ar léiríodh tallann iontach na scoláirí ar an stáitse.
Reáchtáladh ciorcail chomhrá bhríomhara, tráth na gceist spraíúil, agus bhí fuinneamh agus spórt le sonrú i rith na hócáide Rith le Ruairí. Bhí seoladh leabhair againn freisin, rud a chuir go mór le saibhreas cultúrtha na seachtaine.
Mar bhuaicphointe na féile, bhí ceolchoirm den scoth againn a mheall slua mór agus a chruthaigh atmaisféar fíor-speisialta.
Tríd is tríd, ba sheachtain den scoth, lán le spraoi, cultúr agus pobal, í – agus táimid fíorbhuíoch do gach duine a ghlac páirt inti agus a chuir lena rath.
I gContae an Chláir, foilsítear Clár Imeachtaí cuimsitheach i gcomhar le hOifig Gaeilge Chomhairle Contae an Chláir, ag clúdach gníomhaíochtaí ar fud an chontae le linn na féile.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus imeachtaí gar duit a iniúchadh, tabhair cuairt ar www.scéal.ie