Scléip an tSamhraidh – Campa Gaeilge i gCo. an Chláir

Bunús an Champa
Bunaíodh Gaelcholáiste an Chláir i 1993, agus mhol tuismitheoirí na chéad scoláirí gur cheart imeacht samhraidh a reáchtáil do pháistí a bheadh ag tosú sa scoil, chun cabhrú leo dul i dtaithí ar an nGaeilge labhartha i suíomh taitneamhach agus neamhfhoirmiúil.
Mar thoradh air sin, bunaíodh Campa Samhraidh darbh ainm Scléip an tSamhraidh leis an aidhm sin.

Stair agus Forbairt
Reáchtáladh an chéad champa i 1996 i Halla an Choláiste Phobail, áit a raibh Gaelcholáiste an Chláir suite. Ba é Coiste na dTuismitheoirí a d’eagraigh é, agus ba mhór an rath a bhí air.

Le himeacht ama, d’fhás an campa go suntasach agus tháinig sé rómhór don láthair bhunaidh. Dá bharr sin, bogadh é go Gaelscoil an Ghoirt, áit a bhfuil sé fós ar siúl go bliantúil inniu.

Scléip an Samharidh 2025
Campaí Samhraidh

Clár Imeachtaí an tScléip:

  • Spórt
  • Ceol
  • Spraoi
  • Drámaíocht
  • Turais
  • Snámh
  • ...agus i bhfad níos mó!

Tuilleadh Eolais
Oifig An Clár as Gaeilge
2 Clós na Beairice, Sráid na Beairice, Inis, Co. an Chláir
📞 Fón: 065 686 4474
📧 ">Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Céimeanna Beaga an tSamhraidh
Tá campa samhraidh eile ar fáil freisin darbh ainm Céimeanna Beaga an tSamhraidh, atá dírithe ar pháistí ó aois Naíonra go Rang a Dó.

Céimeanna Beaga

Is campa dhá sheachtain é a reáchtáiltear i nGaelscoil Mhichíl Cíosóg, le clár saibhir agus spraíúil d’imeachtaí, lena n-áirítear:

  • Ealaín
  • Cluichí Gaelacha
  • Ceardaíocht
  • Amhránaíocht

Tuilleadh Eolais
📞 Fón: 065 686 4474
📧 Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.