Grúpa cairdiúil do mháithreacha atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge nó go dátheangach
Tá Toddlers le Gaeilge á eagrú ag Caolfhionn Ní Fhrighil, faoi scáth Clár as Gaeilge agus an tionscadal Teanga Tí. Casann grúpa de mháithreacha lena bpáistí go rialta chun spraoi a bheith acu i nGaeilge – i suíomh éasca, neamhfhoirmiúil agus cairdiúil.
Seo blaiseadh de na himeachtaí a bhí againn go dtí seo i mbliana.
meachtaí a bhí againn:
- Bogspraoi sa Planet, Inis
- The Speks i nGlór, le cruinniú sa chaifé roimh ré
- Seisiún ceoil i dteach Cathy
- Cuairt ar an Play Inn, Dromoland
- Tóraíocht Cásca i GMC
- Súgradh sa pháirc i gCora Caitlín
- Turas go hInis Oírr
- Trá sa Leacht
- Cruinniú i mBun Raite
- Spraoi Céadfach le Leanne, Halla Cuinche
- Cóisir na Samhna, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
- Bogspraoi, Planet
- Cóisir na Nollag, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
Oibrímid i gcomhar le Teanga Tí , chun imeachtaí a eagrú chun cabhrú le tuismitheoirí ar mian leo an Ghaeilge a chuimsiú i saol laethúil a bpáistí.
Is scéim tacaíochta é Teanga Tí chun deiseanna teagmhála agus idirphlé a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge.
Tríd an scéim, bíonn deis ag tuismitheoirí atá ag tógail clainne le Gaeilge, nó iad siúd atá ag smaoineamh faoi, cinneadh s’acu agus ceisteanna eile a phlé le tuismitheoir eile a rinne an cinneadh céanna cheana féin.
Tugann an scéim deis do thuismitheoirí a bheith ag líonrú le chéile i mbealach praiticiúil agus straitéiseach. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce tuismitheoir-go-tuismitheoir.
Más mian leat páirt teagmháil go díreach le Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh ag
Teanga tí nasc: https://www.glornangael.ie/teangati/