Tá lúcháir ar Chlár as Gaeilge a fhógairt gur bunaíodh Fochoiste nua – Fochoiste na hÓige.
Cruthaíodh an grúpa seo chun bearna shoiléir a líonadh i saol sóisialta na ndaoine óga le Gaeilge – idir dhaoine a chríochnaigh an mheánscoil, atá sa choláiste nó ina 20idí. Tá sé mar aidhm againn spás neamhfhoirmiúil, spreagúil a chruthú do dhaoine óga chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha agus go sóisialta.
I measc na n-imeachtaí a eagraíodh go dtí seo:
🎶 Oíche ‘Cath na mBannaí’ – comórtas ceoil beo le bannaí éagsúla – 14.03.25
🗣️ Ciorcal Comhrá – Kaiféin – 12.04.25
🚶♀️ Siúlóid ar an Trá i Rinn na Spáinneach – 17.05.25
🍻 Preab-Ghaeltacht i Michael A’s ar an 09.07.25 le linn Fhéile Willie Clancy
🎬 Oíche Scannánaíochta – Shrek as Gaeilge – 15.08.25
🎬 Oíche Scannánaíochta – Kneecap – 27.08.25
🎨 Péint & Pinot – 03.10.25
Táimid ag súil go mór le níos mó imeachtaí Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga i líonra na hInse agus i gcontae an Chláir sna míonna amach romhainn. Má tá spéis agat a bheith páirteach nó tuilleadh eolais a fháil, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn: Labhair le Leah
📧