Fáilte
Fáilte chuig An Clár as Gaeilge.
Eolas Teagmhála:
Fón 065 6864474
Ríomhphost This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
Facebook An Clár As Gaeilge | Facebook
Twitter An Clár As Gaeilge (@ClarasGaeilge) | Twitter
Ár leithscéal...
Táimid ag aththógáil suíomh Ghréasáin nua faoi láthair.
Ag súil go mbeimid ar ais go luath....
Dialann na Seachtaine
Lúnasa 2024
Fios Físe - Painéal Lucht Féachana/Éisteachta TG4/RnaG
Painéal Lucht Féachana TG4 / Painéal Lucht Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta
Má tá aithne agat ar dhuine ar bith a chuireadh spéis dar leat sa togra, bheimis buíoch díot as an eolas a roinnt leo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fiosfise.ie nó An Clár as Gaeilge agus is féidir le duine foirm chláraithe a líonadh ag https://www.fiosfise.ie/claru/.
Leabhar do Pháistí
Is múinteoir bunscoile mé as Maigh Eo agus is é seo mo dara leabhar do pháistí óga.
D’fhoilsigh mé ‘Glór ar Inis Gluaire’ i 2021 agus chuaigh brabúis an leabhar sin chuig Bunús Sláinte Leanaí i gCromghlinn.
Tá mo leabhar nua ‘Is Mise Nóinín’ dírithe ar pháistí atá idir 6 agus 9 mbliana d’aois.
Is cat í Nóinín agus sa leabhar breá seo, insíonn sí a chuid eachtraíocha dúinn ón uair a dhúisigh Bumbóg í le cealg.
Feicimid teámaí éagsúla sa leabhar seo - teámaí tábhachtacha ar nós: cairdeas, caomhnú na timpeallachta, cosaint na beacha, cosaint na h-ainmhithe, cosaint na bláthanna fiáine, na plandaí, na luibheanna, agus an leigheas atá acu i lámha an dúlra.
Is iontach an slí ina bhfuil na teámaí seo uilig maisithe agus curtha chun suntais ag Aidan Courtney.
Cosnaíonn an leabhar seo €12 agus tá sé ar fáil ar an idirlíon ag www.nicolalavelle.bigcartel.com