Eagraítear na féilte ar bhonn áitiúil, cúige agus náisiúnta. Tugann na féilte seo deis do scoláirí ó gach ceard den tír baint dhíreach a bheith acu leis an drámaíocht. Baineann siad an-taitneamh go deo as, agus is mór an chabhair í maidir le féinmhuinín, le hurlabhraíocht, le feabhas ina gcuid Gaeilge labhartha agus le comhoibriú eatarthu.

Ar ndóigh, bíonn iomaíocht sna féilte seo chomh maith! Toisc go mbíonn idir dhrámaí agus cheoldrámaí á léiriú agus raon fairsing aoisghrúpaí ag glacadh páirte, eagraítear comórtais éagsúla do na grúpaí éagsúla.

Tosaíonn na féilte leis an bhféile áitiúil i mí Feabhra agus Márta. I gContae an Chláir, tá an fhéile ar siúl le breis agus fiche cúig bliana, agus anois reáchtáiltear í i nGlór, Inis. Téann na buaiteoirí ón bhféile áitiúil ar aghaidh chuig an bhféile chúige a bhíonn ar siúl in Inis agus i gCorcaigh ar an deireadh seachtaine céanna.

Téann na buaiteoirí ó na féilte réigiúnacha ar aghaidh chuig an bhféile náisiúnta a bhíonn ar siúl sa Mhuileann Cearr ag deireadh mhí Aibreáin.

Tá acmhainn lárnach anois ar fáil inar féidir eolas a fháil faoi gach gné de dhrámaíocht as Gaeilge sa scoil, mar shampla:

Roghnú scripteanna d’aoisghrúpaí éagsúla

Eolas ar sheimineáir ar theicnící léiriúcháin agus stáitsiú

Leabharlann scripteanna

Tá eolas iomlán ar an bhféile Scoildrámaíochta i gContae an Chláir le fáil ó rúnaí ag 065-6839753, agus ar www.scoldramaiocht.ie. Tá breis eolais ar fáil ó Leah Ní Thailtigh & Teresa Ní Riain 065-6864474 nó buail isteach chugainn ag: 2 Clós na Beairice, Sráid na Beairice, Inis, Co. an Chláir.