Tá áthas ar An Clár as Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae an Chláir agus Rós an Chláir, cuireadh a thabhairt daoibh chuig seoladh oifigiúil thionscadal Inis Dom.
📅 Déardaoin, 16 Iúil 2026
🕢 7.30pm
📍 Óstán an Old Ground, Inis
Beidh deis ag an bpobal tuilleadh a fhoghlaim faoin tionscadal, faoin obair atá déanta go dtí seo agus faoin bhfís atá ann chun úsáid agus infheictheacht na Gaeilge i lár bhaile na hInse a neartú. Beidh físeán faoin tionscadal á thaispeáint chomh maith, chomh maith le haíonna speisialta agus cúpla óráid ghearr.
Beidh sólaistí ar fáil agus beidh fáilte mhór roimh chách chun an ócáid speisialta seo a cheiliúradh linn.