Songs from School with Carmel Ní Bheacháin
Cois na hAbhna - Monday 26th May 7.00pm
“I haven’t a word of Irish”, de réir a lán daoine má chuirtear an cheist orthu. Ach is beag duine nach bhfuil líne nó dhó de ‘Trasna na dTonnta’, ‘Báidín Fheidhlimí’ nó ‘Mise Raifteirí’ ar eolas acu. Thuig an t-oideachasóir fadbhreathnaitheach, Micheál Ó hEidhin an tábhacht a bhaineann le traidisiún amhránaíochta na nGael chun ár n-oidhreacht a chaomhnú. Oideachasóir an-chumasach is ea í, Carmel freisin a stiúrfaidh an seisiún amhránaíochta agus filíochta seo in ómós mórshaothair Uí hEidhin, ‘Cas Amhrán’.