Tá Ciorcal Comhrá Chill Iníne Baoith socraithe le fada san XPO. Is le Pobail Chill Iníne Baoith an foirgneamh, an XPO, ina mbíonn roinnt gníomhaíochtaí cultúrtha ar bun. Tarlaíonn amhránaíocht, club leabhar, mapáil, scannáin agus léachtaí ann ó am go ham.
Tá fás agus forbairt suntasach le brath ón gcomhluadar, atá sásta teacht le chéile uair sa tseachtain chun an Ghaeilge a labhairt. D’fhorbair an Ciorcal de réir a chéile agus ní de phreab. Tá an bhéim ar an teanga a labhairt agus ar an líofacht a chothú. Buaileann siad le chéile chuile Dé Céadaoin @7:30.
Ó am go ham, buaileann aoichainteoirí isteach: idir fhilí, scríbhneoirí agus daoine a bhfuil baint speisialta acu leis an timpeallacht. Eagraítear siúlóidí trí mheán na Gaeilge sa Bhoireann le treoraí áitiúil. Tá ceangal faoi leith bunaithe ag an gCiorcal le hInis Oírr, áit a gcríochnaítear le cuairt ann ag deireadh gach bliana. Tá sé beartaithe dul ann arís ar an 9ú Meitheamh i mbliana.
Tá gach eolas faoi Chiorcal Comhrá Chill Iníne Baoith le fáil trí ghlaoch a chur ar 087 2162351-