🎬 Oíche Scannán i gCois na hAbhna
Beidh Oíche Scannán speisialta ar siúl i gCois na hAbhna ar Dé Céadaoin, 27 Lúnasa 2025 ag 7.30 i.n. Seo imeacht atá á eagrú ag Fochoiste Óige an Chláir, agus beidh fáilte roimh chách ann.
Bain sult as scannán den scoth ar an scáileán mór i suíomh breá cairdiúil agus fuinniúil. Seo deis iontach do dhaoine óga agus do phobal na Gaeilge teacht le chéile le haghaidh spraoi agus scíthe.
👉 Saorchead Isteach
Tosóidh ár ranganna Gaeilge ar an 22 Meán Fómhair i gCois na hAbhna, ag 7–8 i.n., agus mairfidh siad ar feadh 10 seachtaine.
Cuirfear trí leibhéal éagsúla ar fáil, ionas go mbeidh rang ann a oireann duitse, beag beann ar do chuid taithí leis an nGaeilge.
Táille: €60.00 don chúrsa iomlán (10 seachtaine)
Teastas do gach rannpháirtí ag deireadh an chúrsa.
Rang Speisialta don Ardteist:
Anuraidh, bhí rang speisialta a reáchtáil do scoláirí atá ag ullmhú don Scrúdú Béil Ardteiste, ar chostas laghdaithe €30. Bhí sé seo thar a bheith cabhrach do dhaltaí a raibh sé mar aidhm acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha agus muinín a fháil roimh an scrúdú. Beidh an rang speisialta seo á chur ar fáil arís i mbliana.
Ná caill an deis seo do chuid Gaeilge a fheabhsú i dtimpeallacht chairdiúil agus thacúil!
Cláraigh anseo: https://forms.gle/gndK1nubzDoL7Mjc9
🎶 Ritheadh na Rithime – Oíche Chultúir 2025 🎶
Bí linn d’oíche spleodrach lán ceoil beo le KRC thuas staighre i Steeles, Inis!
📅 Aoine, 19 Meán Fómhair 2025
🕗 Ceol óna 8 i.n.
🎤 Saorchead Isteach – Bígí Linn!
Oíche dhoshamhlaithe lán fuinnimh, rithime agus spraoi!
📧