Ciorcal Comhrá Chill Iníne Baoith

Ciorcal Comhrá Chill Iníne Baoith

Tá Ciorcal Comhrá Chill Iníne Baoith lonnaithe le fada san XPO. Is le Pobail Chill Iníne Baoith an foirgneamh seo, áit a mbíonn réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha ar siúl i rith na bliana. Reáchtáiltear amhránaíocht, club leabhar, mapáil, scannáin agus léachtaí ann ó am go ham.


Tá fás agus forbairt shuntasach tagtha ar an gciorcal le blianta beaga anuas. Tagann an comhluadar le chéile uair sa tseachtain chun an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht chairdiúil thacúil. D’fhorbair an ciorcal go nádúrtha, céim ar chéim, agus tá an bhéim go láidir ar an teanga a úsáid go rialta agus ar an líofacht a chothú.
Buaileann siad le chéile gach Dé Céadaoin ag 7.30i.n.


Ó am go ham tugtar cuireadh d’aoichainteoirí speisialta, idir fhilí, scríbhneoirí agus daoine a bhfuil saineolas acu ar an gceantar agus ar an timpeallacht áitiúil. Eagraítear siúlóidí trí mheán na Gaeilge sa Bhoireann le treoraí áitiúil, rud a chuireann leis an taithí teanga agus chultúrtha araon.


Tá ceangal láidir forbartha ag an gciorcal le hInis Oírr, agus is gnách go gcuirtear cuairt ar an oileán i gcrích ag deireadh gach bliana mar chuid de ghníomhaíochtaí an ghrúpa.
Tuilleadh eolais:
Mick O’Riordan
087 2162351
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Péint & Pota

Péint & Pota

♦️ Bígí linn d'oíche Péint agus Pota!

♦️ Suíomh : Thuas staighre in oifigí an Clár as Gaeilge, V95 CD52

♦️ Am : 7:00 i.n.

♦️ Costas : saor in aisce!

Beidh gach fearas ar fáil saor in aisce, ach beir leat do dheoch féin!

Cláraigí leis an nasc thíos: 

https://forms.gle/KLp1eTFHF52yxtyh8

Oíche Chluichí Boird 🎲As Gaeilge 🌟

Oíche Chluichí Boird 🎲As Gaeilge 🌟

Oíche Chluichí Boird 🎲As Gaeilge 🌟
📅 Aoine 16 Eanáir | 🕖 7 i.n.
📍 Oifigí - An Clár as Gaeilge, V95 CD52
 🍻Beir leat do dheoch féin | Bí linn!
🔞 18+

Cláraigh roimh Déardaoin: Cláraigh Anseo!

Is Togra Páirtnéireachta Forbairt Teanga Pobail é An Clár as Gaeilge a dhíríonn ar fhorbairt na Gaeilge i gContae an Chláir.

Pages

Teagmháil

2 Clós na Beairice 
Sráid na Beairice 
Inis, Co an Chláir
V95 CD52

+353 65 686 4474